|
Oileán Chléire
Tógtha ó alt a scríobh an Dr. Brendán Ó Buachalla le haghaidh Comhar i 1960. Oileán Chléire an pointe is sia ó dheas dÉireann. Seacht nó hocht de mhílle amach ó Chósta Chorcaí atá sé agus an fharraige mhór idir é agus an mhíntír. Ó Dhún na Séad a imíonn an bád chun dul ann – turas trí ceathrú auir chloig nó mar sin ach turas an-álainn go deo. Ar do shlí amach gabhann tú thar cuid de, “Chéad Oileán Chairbre”, carraigreacha agus cuaisíní scaipithe ar fuaid an uisce gan ord ná eagar agus iad clúdaithe le fáiseanna éagsula farraige. Tá na hoileáin bheaga seo go hálainn agus féachann Inis Arcáin go deas, leis, lena thránna fada geala; ach is gear go bhfágann tú iad san id’ dhiaidh – faigheann an t-uisce suaite, garbh agus siúd é Oileán Chléire os do chomhair amach. Ní thaithneoidh sé leat – feáchann sé fuar, lom, doicheallach ina luí go dubh, dorcha i lár na farraige moiré. Tógann sé tamall ar dhuine dul i dtaithí ar Oileán Chleire ach má fhanann tú ann fillfir ar an Oileán arís is arís eile. Is I ndiaidh lá nó dhó a bheireann an ball greim ort agus thógfadh sé tamall ort féin, leis, áilleacht an Oileáin a thuiscint.
![]() Trí mhíle ar fhaid atá an tOileán agus dhá mhíle ar leithead agus is Cuma cén chuid de go raghfá tá radharcanna bréatha díle do radhairc ins gach treo baill. Laistiar diot tá Carraig Aonair, laistoir Inis Arcáin agus lastuaidh ta Éire – radharc bhreá soir leis an Sciobairín. San aistir san duit gabhann tú thar an nGóilín, an Cruachán, Scoil Mhuire, Béal dá Chab agus cuireann tú díot Cnoc Fhosta. Chionn tu uait an Mhangartar agus Cruacha Dubha Mac Giolla CHoda. Ní radharc go dtí é. Is fiú dul don Oileán agus dul in aired ar cheann de na cnoic arda tá ann chun an radharc seo d’fheiscint agus chífir, idir thú agus an míntír, na hoileáin eile agus céad Oileán Chairbre ag guaileáil le chéile, iad donn-bhuí ag teas na gréine, ina luí díomhaoin go híseal sa bhfarraige. Dealraíonn gur thug an tOileán trial mhaith uaidh sa tsean-shaol. Seo dúirt an file á mholadh: “Do shiúlaíos a lán d’áitibh Éireann, An Fhrainc, An Spáin’s an Afric le chéile, Sasana an Gharda mar a raibh cátha ag pléaraibh, Ach ní fhaca aon áit ba dhéathal na Cléire”. Cailín Óir Ferry & Cruise Service Oileán Chleire An Sciobairín Co Chorcaí. Tel 028-39159/41923 or 086-3465110 Email: info@cailinoir.com Online ticket sales at www.islandtripper.com | |
email: info@cailinoir.com
telephone: 028 41923
| |